Gaeilgear an BBC

baile : ailt : Irish Interest : Céiliúradh mór ar an BBC

Céiliúradh mór ar an BBC

Tá Rann na Feirste suite ar chósta thiar Dhún na nGall. Is ceantar Gaeltachta é a bhfuil clú agus cáil air as saibhreas na Gaeilge atá le fáil ann. Is as Rann na Feirste don seanchaí Seán Ó Duibheannaigh (John Phadaí Hiúdaí nó John Ghráinne mar is fearr aithne air) a tháinig ar an tsaol ar an 20ú Deireadh Fómhair 1920 agus lena bhreithlá a chomóradh bhí clár speisialta le cluinstin ar BBC Raidió Uladh ar an 20.10.2010.

Clár speisialta le John Ghráinne from Blas available since 2nd August 2012

More from this programme

Nó éist leis an chlár anseo.

B’as Rann na Feirste na scríbhneoirí móra, Séamus ‘Máire’ Ó Grianna, agus Seosamh Mac Grianna a chum cuid de na leabhair Ghaeilge is mó tábhacht i nua-litríocht Uladh. Is sa tóir ar an oidhreacht sin a thagann na sluaite déagóirí chun an cheantair gach samhradh, le freastal ar Choláiste Bhríde.

Cosúil leis na pearsantachtaí tábhachta thuasluaite, tá meas ag Gaeilgeoirí ar fud na cruinne ar John Ghráinne, agus ag iarscolairí Choláiste Bhríde ach go háirithe.
Ní stráinséir ar bith é John do na haerthonnta. Breis agus deich mbliana ó shin rinne sé sraith deich gclár don BBC le hAntaine Ó Donnaile dar teideal Ceann Dubhrann inar labhair sé faoi shaol agus faoi sheanchas Rann na Feirste – sraith í sin atá le cluinstin go fóill ar shuíomh idirlín an BBC agus a bhfuil an-rachairt uirthi go fóill. Tá saibhreas seanchais agus scéalaíochta ag John Ghráinne nach bhfuil ag mórán daoine sa lá atá inniu ann agus atá i mbaol a chaillte mar gheal air sin.
Chomh maith leis sin rinne an BBC sraith teilifíse faoi Choláiste Bhríde, Rann na Feirste dar teideal “Fiche Lá ag Fás” agus bhí páirt mhór ag John sa tsraith sin chomh maith.

Thug Antaine Ó Donnaile cuairt ar John ina theach i Rann na Feirste le gairid agus chuir sé agallamh eile ar do BBC Raidió Uladh. Cuairt í a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an Donnaileach:
“Chuir me aithne ar John Phadaí Hiúdaí nuair a bhí mé thart ar sé bliana déag i mo scoláire ar Choláiste Bhríde, Rann na Feirste. Ba phribhléid amach domh ina dhiaidh sin é a thaifeadú don raidió agus don teilifís agus mé ag obair don BBC, ní amhain de thairbhe shaibhreas a chuid Gaeilge agus seanchais ach toisc gur duine faoi leith é a bhfuil fís agus fealsúnacht iontach aige. Duine fial flaithiúil é a chuir fáilte ariamh roimh gach duine a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim. Thiocfadh linn uilig sa lá atá inniu ann cuid mhór a fhoghlaim ó John fán dearcadh ar chóir dúinn a bheith againn ar an tsaol agus ar a chéile.”

Sa chlár a bheas le cluinstin ar an 20.10.2010 labhrann John ar na cuimhní is luaithe atá aige ina thachrán i Rann na Feirste. Ina measc sin tá cuntas ar a bheith ag amharc ar a sheanuncail Padaí Phádraig, ag spealadóireacht sna fichidí. Ba dhuine é Padaí Phádraig ar chuimhin leis blianta an drochshaoil idir 1845 agus 1849. Labhrann John fán imirce shéasúrach agus fán obair a rinne sé féin ar na feirmeacha in Albain, áit a raibh sé nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach i 1939.

Deir John go mothaíonn sé mar a bheadh Oisín i ndiaidh na bhFiann toisc an saol agus an Ghaeilge féin a bheith athraithe go mór ó bhí sé ina fhear óg, agus toisc go leor leor dena chuid comrádaithe a bheith ar shlí na fírinne. Is deas ina dhiaidh sin go bhfuil seanchaí mór Rann na Feirste ag scéalaíocht leis i gcónaí agus ag roinnt a chuid eolais le glúnta úra agus é nócha bliain d’aois.

Deir an Donnaileach, “Nach méanar dúinn, muidinne a bhfuil spéis i bhfoghlaim agus in athréimniú na Gaeilge, John a bheith go fóill againn mar inspioráid, mar fhoinse eolais agus mar chara. Gura fada buan é.”

NIS - íomháLe tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.